Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 550

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 550

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 550
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí fear oibre aige.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann uair amháin agus bhí fear oibre aige. Bhí im dá ghoid ón fheilméir agus ní rabh fhios aige cé bhí dá ghoid. Lá amáin chuaidh an fheilméar isteach go teach an bhainne agus táinig fear an (bhainne) oibre isteach. Thóg sé measgán ime agus chuir sé isteach in a bhearad é. Níor leig an fear dadaí ar go rabh an fear eile imthigh. Diarr an fhear ar fanacht go rabh litir le sgríobh aige. Bhí an cailín aimsire ag rosadh gé. Nuair a bhí an litir sgríóbhtha. Diarr an fhéilmheoir ar an gcailín a ghabhail suas staighre fa choinne stampa. Thosuigh an fear ag coimheadh an gé. Thoisigh an t-im ag léigheadh. Diarr an feirmeóir ur an bearad a bhunt de. Tharraing an feirméar an bearad de agus thuit am t-im amach. Chuaidh an fear na bhaile go brónach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic na Midhe
    Inscne
    Baineann