Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 470

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 470

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 470
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tuirc agus is é atá le teacht a chuidiughadh linne nuair a thiocfas cogadh na h-Éireann orainn. Éireóchaidh sé annsin agus bainfidh sé an bhuaidh. Ball Dhearg Ó Dhomhnaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seanchas i dTaobh na h-Aimsire.
    Nuair a bhíos an cat na suidhe agus a dhruim leis an teine sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíos an cat ag n-ighe aghaidh, má chuireann sé a chos thaire a chluais sin comhartha tuillte. Nuair a bhíos spéartaí breaca ann sin comhartha doineann. Nuair a bhíos cuid mhór réaltóg ins an spéir, agus iad ag soilseadh go geal sin comhartha siocann. Nuair a bhíos néaltaí dearga ann sin comhartha doineann. Nuair a bhíos cuid mhór mioltóg ann san t-Samhradh sin comhartha fearthainn. Nuair a bhíos an madadh ag ithe féir sin comhartha fearthanna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic na Midhe
    Inscne
    Baineann