Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 472
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí beirt ghasúr ag teacht on sgoil tráthnóna amháin. Bhí siad ag dul thart ag abhaill.”
Sean Sgéal.Bhí beirt ghasúr ag teacht on sgoil tráthnóna amháin. Bhí siad ag dul thart ag abhaill. Shíl siad na rabh an fear ar leis an abhaill sa bhaile. Shíl siad nach mbéadh dhath de mhoill ortha dornán de na h-ubhlaí a fhághail. Isteach leobhtha san abhaill go h-an fhaithchilleach go dteachaidh san fhad le cóirneál an gharaidh. Dhreapuigh gasúr amháin aca suas ar crann. Seasuigh an gasúr eile ag bun an chrann. Bhí an gasúr a bhí thuas ar an chrann ag baint na n-ubhall. Shíl siad nach bhfacaidh fear an toighe iad. Tháinig fear an toighe isteach san abhaill agus slat mór leis. D’imthigh an gasúr a bhí ag bun an chrann ar. Chaith an gasúr a bhí shuas sa chrann cúpla ubhall anuas. Shíl sé go rabh an gasúr eile ag bun an chrann agus dubhairt sé, “Sin cúpla ceann agatsa. Bhí slat mhór fhada ag an fhear agus thug sé cúpla buille millteanach do isteach ins na luirgneacha. Seadh arsa an fear agus sin cúpla ceann agatsa. Tharraing sé anuas ón crann é, agus dubhairt sé. Má bheirim ort san abhaill seo aríst. Ní cúpla ceann a gheobhas tú ach céad ceann.- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Fireann