Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 142
- XML “Ceol Loch Oidhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceól loch oidhe(1) Sean-fhocal a chualaidh mé agus créidfeas mé í gcomhnaidh-
Gach aon ariamh mar oiltear é ‘s an fhuiséog anna an mhónaidh.
Cé bit tír a rachaidh mise na a mbéid mé in mo chomhnaidhe,
béidh mo óroidhe ag bruach loch oidhe í lár na sléibhthe móra.
(2) Tá dhá oileán ar an loch bheag seo comh deas as tá in Éirinn.
Tá an loch’s an ghé as nead acú.
Faoí thom-bhlath ghorm fraochlaigh.
Go mbfearr liom a bheith ‘g iasgaireacht breac geal uirthí ‘sa tséasúr.
Na bheith ‘gcáislean thall i Sasain ag na [nuisle]? uilig ar féasta.
(3) Ón chnoc árd glas taobh thall de’n loch ta’n amharch aoibhinn alúinn.
Na luing ag teacht ar fháirrge ó Dhoire ‘steach go Máluinn:
Ag siubhal annsin a báite liom ón mháidin go dtí’n oidhche
‘S nach smaointheacha ar an pheacadh leis na [nuain]? bheag aga ag gaoibheal.
(4) Ar an taobh abhus, tá’n míodíun glas ón uisge go dtí an bhothair,
Tá fás gach uile seórt annsin agus tighthe deasa comhnaidhe.
Sánnidh an chuach i dtús an tsamhraidh ann ó mhaidin go tráthnóna.
Tá an eala ‘gus an faoileach ann, an lon-dubh is an córr-mhónadh.
(5) Is iomdha máidin shamhraidh a d’éirigh mé in m’óige.
Ag éisteacht leis na néanachaibh ag déanamh a gcuid ceóil bhinn.
Iad ag dul á tom go tom ag eiteallaigh go céolmhar
Is a nguth lán binn ag teacht faoi dhuilleabhair glas na gcrannaibh oga.
(6) Is iomdha lá bréagh fada a chaith mé annsin ar bheagan bhuadhartha
Agus is iomdha lá bréagh fada a chaith mé annsin ag déanamh uabhair.
Ag seóladh na mbó breac amach tríd ghleanntan dheas na luachra.
Indéidh a bhéith anns an loch lé teas na gróine ‘giarraidh fuaireadh.
(7) Seo an áit ar oil mo mhuinntear mé nuair a bhí mé beag tréith-lag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall