Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 147
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do chuaidh mé seal tamaillt ar chuairt go bhfeicfinn féin uaim an spéar.”
Do chuaidh mé seal tamaill ar chuairt
Go bhfeicfinn féin uaim an spéar;
Agus thart fa na [hocleáin]? a’ ruaig
Mar oileadh? as tú na dhiaidh:
Sé déarfadh gach duine fa’n chuain
Nuair a d’éaluigh mé anonn fa’n chéid:
“Is ró mhaith a aithuighim ar do ghruaim
Gur duine thú a bhfuil tóir na dhiaidh.”Ach casadh damh an ainnir bheag óg,
As mar casadh sí labhair go géar:
“Ca háit a mbíonn tú ‘do gchomhnuidhe?
[Nó]? ‘gcoinnigheann tú cró duit féin?”
“Bím sa seal í dtoigh ‘n óil
As tú dheánaim féin lón do’n phighinn,
Ach an méid-adaidh a shaothruighim ‘san lá
É a chaitheamh le spóirt san oidhche”.“Mas duine thú a bhaineas le spóirt
Ní [mhólfainn]? duit la bhairt le mnaoí
Is fearr dúinn fiu reacht go fóill
Go gcruinnigheam muid lón araon;”
“Le fiu reacht go gcruinnigheann muid lón
Chaithfeadh sé chuid mhór d’ár saoghal
Is fearr dúinn pósadh go [nóg]?
Is béidh cuideadh ‘ár gcomhair airíst.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Toiréasa Ní Ghaoithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall