School: St Columba's, Buncrana
- Location:
- Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Eoghan Ua Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: St Columba's, Buncrana
- XML Page 018
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Lá amháin tamall maith bliadhanta ó shoin bhí triúr feirmeoirí as Desertegney ag teacht isteach go Buncrannaighe.”
(continued from previous page)i mullach na cloiche. Rinne an dara fear an rude ceadna acht bhí an tríoinach fear ní ba chúramaighe. Níor mhaith leis dochar ar bith a dheánamh do'n charr agus mar sin thug sé ar an chapall seasadh . Thainig sé amach ó'n chárr leis an chloch a thógailt amach as an bhealach . Nuair a thóg sé an chloch caidé an fuair sé fuithe ? acht croc airgid.(no title)
“Ins na bliadhanta a chuaidh thart beireadha ar móran sgadáin i Loch Súiligh.”
Ins na bliadhanta a chuaidh thart beireadh ar móran sgadáin i Loch Súiligh. Am amháin rug sgaifte fear ar mhóran aca. Thug siad isteach iad go dtí an chéidh le iad a dhiol acth thoisigh siad ag troid fa dtaobh díobhtha. Dóirteadh mórán fola ins an troid agus dubhairt fear amháin le muna stadfadh siad ag troid nach mbeirfidhe ar sgadán ar bith i Loch Súiligh fhad is bhéan siad béo . Ní thug siad áird air acht throid siad leó .Lá ar na máireach nígheach mórán sgadáin isteacht ar an iráigh marbh agus go dí go rabh na fir a bhí ag troid tilig marbh ní bhfuarthas aon sgadán i Loch Súiligh.- Informant
- Mrs Fraser
- Gender
- Female