Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comhairthí na h-AimsireTá go leor comhartha ag na daoine annséo ar an aimsir, baineann siad fios as an spéir. Nuair a bhíonns an spéar glan, tá uair mhaith le teacht, agus nuair a bhíonns an ghrian íseal san spéir tá uair dorcha ag teacht. Nuair a bhíonns an ghrian an gheal deireann na sean-daoine go bhfuil uair dorcha ag teacht. Nuair a éirigheann an ghrian go h-an luaith ar maidin tá báisteach ag teacht, freisin nuair a bhíonns sí dearg ag dul síos, tá uair mhaith ag teacht. Nuair a bhíonns an ghealach ag rith san spéir, tá stoirm ag teacht, agus nuair a bhíonns an cearcall in aice na gealaighe níl an bháisteach ag teacht.Nuair abhíonns stoirm ag teacht tigeann na fuilleóga ón fhairrge go dtí an talamh. Agus feiceann tú spladhar gorm ins an teine, agus bíonn an cat inaice na teineadh agus bíonn sí ag scríopadh, agus tigeann na caoirigh anuas ó mhullaigh na gcnoc.Nuair a bhíonns céo an bhóthair ag imtheacht leis an ghaoith, tá athrú ar an uair. Nuair a bhíonns na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Páid Ó Cabharcaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo