Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Fít Fít", agus ar na gabai "badai badai" agus ar na cearca "tioc tioc".Nuair a bhíonns muid ag seoladh na mbó deireann muid "Thordai". Cuireann muid ganaemh agus cothán agus múirthín faoi na ba agus faoi na h-asail agus faoi na capaill le h-aghaidh leabaidh. Tugann muid coirce agus seagal agus féar do na beithidhigh le n-ithe. Tugann muid fatai agus min buide do na cearca agus na lachain agus na géabhai agus cuireann muid isteach ins an chró iad san oidhche agus tugann muid bainne agus fatai don mhuic.Ceangluigheann muid na beithidhigh thart ar a muineal le rópa. Bleághain muid iad gach maidin agus gach tráthnóna. Nuair a bhíonns bó indhiaidh gabhann bíonn bainne buidhe aice agus glaodhann muid "Grut Buidhe" air.
- Bailitheoir
- Séamus Ó Maolfhábhail
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo