Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)V
D'arduigh liom go Geataí Flaithis
Tháinig an ? faoi na clócaí geala
Thug sé ? dáréag ar mo anam
Agus i nIfreann thios a bhí mo leabaidh.
VI
D'ísligh liom go geataí ifrinn,
An áit ar sguabadh an gruaig de mhullaigh mo chinn
Ritheadh riollán fola trí lár mo chuim
A Mhuire agus a mhaidean beannuighthe
Sgread mo chroidhe.
VII
Tháinig sí - an Mhaidean mhaiseach,
Chuaidh sí ar a glúine geala,
D'íarr sí impidhe ar a h-aon Mac a' leinbh -
Mo leigint cois claidhe no garraidhe
Mar an londubh ar barraí na gcrann,
Mar an éasóg faoí an talamh
Nó imeasg na gcríostuidthe ar Neamh.Leigeadh beo seacht mbliadhain é, agus nuair a fuair sé bás chuaidh sé go Flaithis.- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 98
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo