Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 110
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó.”
Bhí fear ann tá cúpla céad bliadhain ó shoin ann. Pósadh é agus rugadh mac óg dhó. Nuair a bhi an mac bliadhain d'aois chuaidh a athair ar lorg oibre. Chuir feilmeoir aimsir bliadhain is fiche air. Bhfada leis an aimsir ach, bhí sé sasta cur suas leis.
Niorbh fhada go raibh an aimsir thuas agus bhí an fear lé n-a phaighe a fhághail agus dul abhaile. Rinne bean an fheilmeora dá cháca dhó agus chuir sí a páighe i gceann aca agus dubhairt sí leis gan an cheann sin do ithe. Thug an feilméar trí chomhairle dhó freisin - gan dul aon aith-ghiorra ach fanacht ar an mbhóthar.
Gan fanacht oidhche i dteach a mbheadh bean óg pósta ag sean-fhear.
Nuair a bhéadh fearg air, a phíopa a lasadh.
Bhog leis abhaile. Bhí bealach fada roimhe. Chuaidh sé isteach i dteach um trathnóna agus dfhan sé ann sgathamh, ach chuaidh sé amach mar bhí bean óg pósta ag sean-fhear ann. Bhí sé ag dul abhaile ar feadh na h-oidhche. Casadh fear eile leis ar maidin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 99
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo