Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabhar agus coileach ann aon úair amháin agus bhí cion mór aca ar a chéile. Shocruigh síad ar aistear a dhéanamh le n-a chéile. Ar thuitim na h-oidhche do bhúail síad isteach i gcill. Bhí crann árd sa gcill agus chúaidh an coileach in áirde ar an gcrann agus fúair an gabhar leabaidh fa bhun an chrainn. Codhluigh síad go maidin. Do ghlaoidh an coileac ós árd go luath ar maidin. Chualaidh an sionnach an glaodhach agus tháinig sé chuig an gcrann agus thosuigh sé ag moladh an choiligh ag rádh gur mhaith leis aithne a thabhairt ar an té a raibh an guth breagh sin aige. "Gabh thart ag bun an chrainn seo" ars an coileach "agus dhúisigh mo giolla". Ní túisge a rinne an sionnach amhlaidh ná léim an gabhar amach agus marbhuigh sé an sionnach, agus annsin tháinig síad ar ais abhaile.
- Bailitheoir
- Sile Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an tSiáin, Co. Mhaigh Eo