School: Cluain le Fán (roll number 12817)
- Location:
- Cluain Luifin, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán Ó Callaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain le Fán
- XML Page 208
- XML “An Cáca Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)istighe san mbuideal agus dó bhí boladh láidir as. Chuaidh sí go dtí oigheann annsin agus chuir sí cúpla braon as an mbuideal isteach ins an gcáca.Thosuigh an cáca ag dul í méid gur eirighh sé go bheal an oigheann. Annsin thosuigh sé ag casadh thart agus ag damhsad agus ag rith timceall an tighe. Nuair chonnaic an cailín an spórt bhí sí ag gaírí agus ag bualadh bós. Amach an doras leis an gcáca agus sios an tsráid mór. Do bhí an máthair ag teacht arais fán ám séó agus casadh an cáca uirrí. leis an scannradh thuit an canna uisge as a lámh agus ridh sí indhiaidh an cáca. Rith sí isteach go teach tailliura agus d'innis sí dó idtaobh an cáca. Tith an táilliur ina dhiaidh acht ní raibh sé anonn an cáca a stopadh. Do rith an cáca siar idir a dá chois. Do bhí na daoine go léir amuigh ag féachaint ar an cáca agus ag rith le na cheile. Bhí ann thart ar an cáca annsin agus rith sé isteach i bpoll a bhí gcarraigh taobh amuigh de'n baile. Do bhí sionnach sa bpoll rug sé ar an gcáca ar iarract amhain."Is olc an ghaoth nach theidheann maith d'aoinne ar seisean leis feín agus meanga in a bheal.
- Informant
- Bean Ní Ceoighínín
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- An Ráth Ard, Co. Mhaigh Eo