Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0065
- XML “Scéal”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá cuinneog againn sa mbaile. Cuinneog a tugtar air. Rinneadh é cúig bliana ó shoin. Tá sé trí troighthe ar áirde. Tá sé troigh go leith ar leithead ar an bun, agus troigh agus ceithre orlaigh ar a bharr. An clár agus an loinithe is eadh úirlisí na cuinneóige. Déanann mo mháthair cuigeann ins an gcuinneóg. Má thagann duine isteach agus í ag déanamh na cuiginne d'oibreóchadh sé an loinithe ar feadh tamaill, deirtear muna dhéanfadh sé é sin ní thiocfadh an im ar an uachtar. Cuireann daoine gríosach dubh faoi'n gcuinneóg ar eagla go dtiubhradh aoine an t-im leis, ach níl annsin ach pisreog. Déanann mo mháthair cuigeann dhá uair sa t-seachtmhain sa Samhradh, ach ní dhéanann sí é ach uair amháin sa t-seachtmhain sa Geimhreadh.