Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0065
- XML “Scéal”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seisean nach gcuirfeadh go bhfuigheadh sé an buidéal a cheannuigh seisean uaidh arais. Thug an riogh an buidéal dó. Chuir sé an corc ins an mbuidéal, agus chuaidh sé abhaile leis an dá bhuidéal. Bhí sé ag eirighe saidhbhir in a dhiaidh sin.
- Tá cuinneog againn sa mbaile. Cuinneog a tugtar air. Rinneadh é cúig bliana ó shoin. Tá sé trí troighthe ar áirde. Tá sé troigh go leith ar leithead ar an bun, agus troigh agus ceithre orlaigh ar a bharr. An clár agus an loinithe is eadh úirlisí na cuinneóige. Déanann mo mháthair cuigeann ins an gcuinneóg. Má thagann duine isteach agus í ag déanamh na cuiginne d'oibreóchadh sé an loinithe ar feadh tamaill, deirtear muna dhéanfadh sé é sin ní thiocfadh an im ar an uachtar. Cuireann daoine gríosach dubh faoi'n gcuinneóg ar eagla go dtiubhradh aoine an t-im leis, ach níl annsin ach pisreog. Déanann mo mháthair cuigeann dhá uair sa t-seachtmhain sa Samhradh, ach ní dhéanann sí é ach uair amháin sa t-seachtmhain sa Geimhreadh.
- Bailitheoir
- Proinsias Ó Cearbháill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceabháill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe