Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0087
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeipreacháinBhí bean ag siubhal treasna na páirce lá. Sgoirr a cos agus thuit sí. Chonnaic leipreachán í, agus thosuigh sé ag gáire. D'eirigh an bhean go feargach. Rith sí in a dhiaidh an leipreacháin. Rug sí air. "Cé'n fáth ar thosuigh tú ag gáire" ar sise. "Leag tú do chos ar an áit a raibh pota óir, agus sgoirr tú" ars an leipreachán. "Romhar suas an áit a thuit tú agus gheobhfaidh tú pota óir." Romhar sí suas é, agus fuair sí pota óir Leig sí amach an leipreachán annsin.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnachadha Ó Dálaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe
- Bhí fear agus a bhean in a gcomhnuidhe i dteach bheag agus a clann. Bhí siad an-bhocht. Bhí dreathár an fhir i Americá agus bhí sé an-saidhbhir. Tháinich sé abhaile agus thóg sé teach mhór dheas. Ní raibh an fear bhocht sásta le n-a dreathár a bheith níos saidhbhre ná é féin. Lá amháin bhí sé ag siubhal ar an mbóthar. Chas leipreachán air agus thosuigheadar ag cainnt. Níor chorruigh an fear a shúl as an leipreachán nó gur thug sé an pota óir dhó. Thug an leipreachán an óir dó, ach dubhairt sé leis gan aon rud a dhéanamh ar an líos a bhí i bpáirc an fhir bhocht. Thug an fear an pota óir abhaile leis agus thug sé dá mhnaoi é. Thóg an fear