Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0087
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
- XML “Leipreacháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeipreacháinBhí bean ag siubhal treasna na páirce lá. Sgoirr a cos agus thuit sí. Chonnaic leipreachán í, agus thosuigh sé ag gáire. D'eirigh an bhean go feargach. Rith sí in a dhiaidh an leipreacháin. Rug sí air. "Cé'n fáth ar thosuigh tú ag gáire" ar sise. "Leag tú do chos ar an áit a raibh pota óir, agus sgoirr tú" ars an leipreachán. "Romhar suas an áit a thuit tú agus gheobhfaidh tú pota óir." Romhar sí suas é, agus fuair sí pota óir Leig sí amach an leipreachán annsin.
- Bhí fear ag teacht abhaile oidhche amháin. Chonnaic sé leipreachán, agus rug sé air. "Tabhair pota óir dom" ar seisean. "Ní thiubhraidh mé aon phota óir duit" ars an leipreachán. "muna mbeidh tú indon mé a coinneál ar feadh bliadhna." Thug an fear an leipreachán abhaile leis. Coimeád sé é go dtí an lá deireadh. Bhí an fear amuigh, agus thosuigh an leipreachán ag rádh leis an mhnaoi "imtheochaidh mé imtheóchaidh mé" "Imthigh agus an diabhal leat" ars an bhean. D'imthigh an leipreachán agus ni fhuaireadar aon pota óir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán Ó Pléamann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Pléamann
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe