Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0089](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0021%2FCBES_0021_0089.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0089
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0089
- XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
- XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta i dtaobh Sidheog.Bhí fear agus a mháthair in a gcomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Gach oidhche théigheadh an fear treasna portach go dtí teach eile ag imirt cartaí. Oidhche amháin nuair bhí sé ag teacht abhaile casadh sidheóg air. D'iarr an sidheóg ar an bhfear, cluithche cártaí a imirt, agus má gheobhfadh sé an bhuaidh ar trí cluithche, bheadh ar an bhfear teacht leis, agus má gheobhfadh an fear an bhuaidh ar trí chluithche thugfadh an sidheóg céad púnt dó. "Tá go maith" ars an bhfear. Lasadar coinneal agus thosuigheadar ag imirt. Ní fhuair aoine aca an bhuaidh an oidhche sin. An oidhche in a dhiaidh sin thosuigheadar ag imirt arís. Fuair an sidheóg an bhuaidh. Thug sé an fear leis ins na sidheóga. Níor mhaith leis na sidheóga eile an fear, agus rinneadar teine mhór agus chaitheadar iarann isteach ann. D'fhágadar annsin é go raibh sé leath leághta. Annsin thógadar amach é agus rinneadar trí fáinne iarrainn. Chuireadar ceann ar gach cluais an fhir agus ceann eile ar a shróin. Ruaigeadar abhaile é annsin. Nuair chonnaic an mháthair é thosuigh sí ag gol. Annsin d'innis sé a sgéal di. "Múnfaidh sin duit gan dul ag imirt cartaí arís" ars an máthair.
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chora Íochtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig de Búrca
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chora Íochtair, Co. na Gaillimhe