School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0089
  3. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  4. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéalta i dtaobh Sidheog.
    Bhí fear agus a mháthair in a gcomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Gach oidhche théigheadh an fear treasna portach go dtí teach eile ag imirt cartaí. Oidhche amháin nuair bhí sé ag teacht abhaile casadh sidheóg air. D'iarr an sidheóg ar an bhfear, cluithche cártaí a imirt, agus má gheobhfadh sé an bhuaidh ar trí cluithche, bheadh ar an bhfear teacht leis, agus má gheobhfadh an fear an bhuaidh ar trí chluithche thugfadh an sidheóg céad púnt dó. "Tá go maith" ars an bhfear. Lasadar coinneal agus thosuigheadar ag imirt. Ní fhuair aoine aca an bhuaidh an oidhche sin. An oidhche in a dhiaidh sin thosuigheadar ag imirt arís. Fuair an sidheóg an bhuaidh. Thug sé an fear leis ins na sidheóga. Níor mhaith leis na sidheóga eile an fear, agus rinneadar teine mhór agus chaitheadar iarann isteach ann. D'fhágadar annsin é go raibh sé leath leághta. Annsin thógadar amach é agus rinneadar trí fáinne iarrainn. Chuireadar ceann ar gach cluais an fhir agus ceann eile ar a shróin. Ruaigeadar abhaile é annsin. Nuair chonnaic an mháthair é thosuigh sí ag gol. Annsin d'innis sé a sgéal di. "Múnfaidh sin duit gan dul ag imirt cartaí arís" ars an máthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continues on next page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway
    Informant
    Pádraig de Búrca
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway