Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0098
- XML “Tobar Beannaithe”
- XML “Tobar Beannaithe”
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghéig. Annsin fuair sé amach go raibh sé ag dul an chaoi cheart. Annsin tháinic sé anuas agus chuaidh sé síos ar a glúnaibh chun ghuidhe le Dia nuair nach ndheacaidh sé as a bhealach. An áit a chuaidh sé síos ar a glúna tháinic poll ann, agus bhí an uisge ag brúghadh síos go ndearnaidh sé tobar. Tá gach cuid de'n chrann lobhtha anois acht an ghéig do sheas Naomh Pádraig air. Is é Naomh Pádraig pátrún an tobar.
- Tá tobar beannuighthe i gCnoch an Tuagh. Téigheann daoine ann ar an Domhnach deire de Mhí na Iúl. Deireann siad an Paidrín Pairteach, agus déanann sia Turas na Croise. Thugann na daoine cuid de'n uisge abhaile. Ólann na daoine é a mbíonn sgoilteacha ortha, agus tá sé indon é a leigheasú. Is é Naomh Briain pátrún an tobar.
Do bhí Naomh Briain an-bhocht, agus bhí sé dall. Lá amháin chuaidh sé go dtí mainistir a bhí in aice leis an tobar Tháinic cat fiadháin, agus stad sé ag doras na mainistreach, agus dubhairt sé. "Tá an fear-bocht sin dall, acht dá ghlanfadh sé a éadan le uisge an tobair, bheadh sé indon a fheiceál." Cuala Naomh Briain é, agus chuaidh sé go dtí an tobar. Ghlan sé a éadan leis an uisge, agus bhí sé indon a fheiceál.
Tamall roimhe sin, chaill sé a camóg in abhainn agus fuair sé é sa tobar. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán Ó Pléamann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Pléamann
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Theas, Co. na Gaillimhe