Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0103
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)builín, ceann in a láimh clé agus ceann in a láimh dheis. Tháinic an siopadóir agus dubhairt sé "céard tá tú ag déanamh" "Tá mé ag iarraidh fághail amach cia aca do bhuilín nó mo bhuilín atá níos troma" "Imthigh le do bhuilín" ars an siopadóir, agus fuair sé builín gan ioch as.
- 1 Teachtaire ag rith ó tigh go tig agus bíonn sé amuigh san oidhche.
Casán
2 Do ritheas agus do fuaireas;
Do chuarduigheas agus ní fhuaireas.
Dá bhfaghainn é, ní bhéarfainn liom é.
Ní fhuaireas é agus do rugas liom é.
Dealg
3 Gé roimh ghé, gé indiaidh dhé
Gé idir dhá ghé,
Gé roimh dhá ghé, ghé indiaidh dá ghé
dhá dhé roimh ghé, dhá ghé indiaidh gé.
Cé mgéid gé ann? Trí cinn.
4 Beirt fhear de mhuinntear Chró,
Ag baint slat lá ceó;
An t-slat a bhainidís ní bheiridís leó,
Acht an t-slat nach mbainidís bheiridís leó
Dá phréachán ag baint cleití díobh féin(leanann ar an chéad leathanach eile)