Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Cora Finne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0115
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus dubhairt sí liom go spéidhearbe,
    Umhan a bhfuil ar na sagartaibh,
    Agus ag iarraidh beath a mbéil féin,
    Má léigheann siad na paidreacha,
    Ins an nGréigis nó ins an Lodgéibh,
    Umhan fios ó Dhé ar thalamh é,
    Nach breágh a leath den mhéid sin.
    An Mada
    Má léigheann siad na paidreacha,
    Baineann sé ghá ndiútigh,
    'Siad nach gcuirfeadh iompóir,
    Ní h-ionann agus Liúitéar.
    Ach ó cuir tú siar gach táiraiméid,
    Agus gur dhiúltaigh tú do Ghrásta Dé,
    Dhíol tu corp an t-Sláuightheoir,
    Mar rinne an gadaighe "Údás".
    An Chearc
    Nuair a théighim-se ag déanamh faoistin,
    Ní le sagart nó le bráithre é,
    Ní bheinn ag cainnt leis na cosaibh,
    Agus an ceann a bheadh sa láthair,
    Ba leor dhuit a bheith le leanabhán,
    Le oinseach nó le amadán,
    Ní éisteochainn le do h-anamóir,
    Agus ní chreidfinn béal an Phápa ann.
    An Mada
    D'iarraidh mé den chailligh,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghéad Ní Cearbhaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cearbhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe