Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0119
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tugtar Cora Finne ar an áir i na bhfuil mé i mo chomhnuidhe. Tá sean chaisleán ann agus i naice leis, bhí teach ósta fada. Is minic chuala mé mo shean-athair gá rádh, go ndeachaidh siar ag an teach ósta ag a deich a chlog san oidhche.
Bhí an teach seo lasta suas le soillse breághtha, ach nuair a bhuail sé ag an doras, chuaidh na soillse as. D'imthigh sé abhaile annsin. Tháinig sé maidin lár na bhárach ag tabhairt milleán do mhnaoi an tsiopa. "Tuige nár leig tú isteach mé" adeir sé léithe. "Nuair bhuail mé ag an doras chuir tú na soillse as". "Ná déan iongnadh dho sin", adeir sí. Ní raibh mise ná aoinne sa teach an uair sin". Dubhairt sí, nárbh é sin an chéad duine a thug milleán di, as an rud sin. Bhí na sidheóga ann an oidhche sin go cinnte. Leagadh an teach, ach mar sin fhéin, cíthtear soillse ann uaireannta. Deireann daoine go bhfeiceann siad sidheóga do. Nuair a bhíonn daoine amuigh tar éis a dó dhéag a chlog san oidhche, bíonn eagla ortha, dul timcheall an coirnéil sin.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnaí
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe