Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair atá comhartha báistí ann . . .”
Nuair atá comhartha báistighe ann bíonn an spéar dubh dorcha agus na scamaill dubha ag gluaiseacht san spéir. Deireann na daoine má bhíonn an spéar thoir dearg le eirighe na gréine go mbeidh stoirm ann agus aimsear fhuar fhliuch. Má bhíonn an spéar thiar dearg agus an ghrian ag dul faoi sin comhartha maith deirtear.
Tá sé ráidhte freisin má bhíonn an spéar go h-íseal agus a bhun síos ar sléibhte sin droch chomhartha.
Deirtear má bhíonn an ghrían go h-íseal san spéir agus a h-aghaidh clúdaigthe le scamaill sin droch comhartha atá ag teacht; ach má bhíonn sé go h-ard tá aimsear breagh ag teacht.
Nuair atá fáinne thar timcheall na gealaighe deirtear go bhfuil droch aimsear ag teacht.
Mun a bhfuil na réalta le feiceál san spéir agus cuid aca ag tuitim go bun na spéire ní comhartha maith é sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathasaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe