Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ort ach siubhal amach.Cheangail Seáinín rópaí thart ar a bhríste thíos ag a dha bhróig agus bhí sé gá phacáil féin suas le airgead go raib sé lán. Nuair a bhuail sé an doras ag teach an ghréasaidhe an oidhche sin,"Cé h-é sin? ars an gréasaidhe."Mise, Seáinín,, do bhuachaill," arsa Seáinín."Glan leat anois" ars an gréasaidhe."Fosgail an doras dom, a mháighistreás," arsa Seáinín."M'anam go bhfosglóchaidh mé é mar tá fhios agam nár tháinig tú fallamh," ars an mháighistréas.
Isteach le Seáinín agus ghearr sé na rópaí. Chraith sé é féin agus is gearr go raibh cárnán mór airgid ar an tallamh. Nuair a chonnaich an ghréasaidhe an t-airgead tháinig ríméad air.
An oidhche lá'r na mháireach:"Cá rachaidh muid anocht?" arsa Seáinín."Tá fear eile agus tá go bor airgid aige. Rachaidh muid annsin anocht" ars an gréasaidhe."Sin í an áit le dhul" arsa Seáinín.Nuair a tháinig siad suas chuig an teach seo bhí croch socraighthe suas, bloc mór agus tuagh le n'ais. "Cé le h-aghaidh-se é seo?" arsa Seáinín"Le m'aghaidh-se agus le t'aghaidh-se má fhághann siad greim orm" ars an greasaidhe."Is minic a chuala mé an t-é a d'fhéach lé é fhéin a chrochadh da gclisfeadh air nach raibh crochadh i ndán dó go bráth, agus dheamhan a racaidh mise as seo go mbéidh fios agam an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe