Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfuil me le crochadh. Nuair a chuirfeas me mo theanga amach trí h-uaire tógfaidh tusa anuas mé," arsa Seáinín. "Déanfaidh sin" ars an gréasaidhe.
Suas le Seáinín agus shocraigh sé an rópa san gcaoi nach rithfeadh sé. Chuir sé a teanga amach trí h-uaire. Thóg an gréasaidhe anuas é. "Níl mise le crochadh," arsa Seáin."M'anam nach bhfuilir" ars an gréasaidhe.Shocraigh Seáinín an rópa an chaoi a fuair sé é agus dubhairt leis an ngréasaidhe,"Dá mbeinn-se i do chóta ní rachainn thar é seo go mbeadh fhios agam an raibh mé le crochadh.""An dtógfaidh tú anuas mé nuair a cuirfeas mé amach mo theanga trí h-uaire?" ars an gréasaidhe"M'anam go dtógfaidh" arsa Seáinín.
Ghabh an gréasaidhe suas agus chuir sé a cheann isteach sa rópa. Nuair sheas sé amach rith an rópa agus briseadh a mhuinéal. "M'anam go bhfuil tú crochta dá ríribh; deaman "Round" eile romhat; agus m'anam gur fadó ba chóir thú a bheith crochta," arsa SeáinínThóg Seáinín anuas é agus bhuail sé ar a dhruim é agus thug sé leis é. Chuir sé 'n-a sheasamh suas i n-aghaidh chrainn mhóir é, agus gabhalóg gá choinneál suas amach ar aghaidh an dorais mhóir. Ghabh sé isteach agus buail sé an doras."Cé sin?" arsa fear a' tighe."Tá muide"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe