Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá na StáisiúnIs sean-nós atá ag na daoine sa bhFairche seo leis na céadta bliadhanta anuas na stáisiún a bheith in gach baile dá uair sa mbliadhain roimh (advent) agus i rith an Chargaois. Sé an fáth go mbíonn na stáisiún ann fághail amach an ndéanann na daoine faoistín na Cásga, agus le seans a thabhairt do na sean-daoine nach bhfuil in ann dul go dtí an séipéal an Comaoin Naomhtha a ghlacadh, Bíonn na staisiún in gach teach i ndiadh a chéile. Cúpla seachtaine roimh na stáisiún deireann an sagart ó’n adhtóir an lá ann beidh sé in gach baile. Réidhtigheann na daoine an tígh annsan, cuireann síad aol ar na ballaí, cuireann síad dathú ar na rudaí ádmaid agus gléasann síad an teach go deas. Glanann síad an teach sa gcaoi nár glanadh é leis na bliadhanta roimhe sin. An lá roimh Lá na stáisiún tagann na cómhursain ag cuidiú leó, ag bácáil agus mar sin. Tugann síad im, uibheaca go dtí an teach sin. Ceannuig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe