Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0030
  3. XML “Gruagach Locha Fuair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san aer." "A dtiocfaidh tú liom" a deir Concubhair, "tiocfaidh agus fáilte" a deir an fear eile.
    Chuaigh siad go pálas Brendhan Ó Bucháin. Ní raibh fáilte ar bith aige rómpa. "Céard tá ag taistáil uaibh" a deir Brendhan. "ar tóraidheacht an claidheamh solus atá muid," a deir siad. "Tá tobar fíor uisce seacht míle ón áit seo" a deir Bréndhan, "Cuirfidh mise mo fhear féin agus tusa i gcoinne buidéal uisce agus má bíonn tú ar ais anseo roime gheobhaidh tú an claideamh solus agus fáilte."
    Dimtigh Concubhair agus an fathach bóthair amháin agus dimtigh fear Brendhan bóthair eile. Nuair a bhí siad leath bealaigh stop siad agus (nuair) leis an draoidheacht a bhí ag an fathach, chonnaic sé go raibh fear Bréndain i bhfad amuigh rómhpa. Shiubhail siad leóibh aríst agus thosuigh an fathach ag séideadh in aghaigh fear Bréndan. Gach coiscéim a shiubhaileadh sé cuireadh an fathach dá coiscéim ar ais é. Bhí siad ag imtheacht leóibh annsin go raibh Conchubhair agus an fathach ar cosaigh.
    Tháinig siad chomh fada leis an tobair agus fuair siad an buidéal uisce. Tháinig siad ar ais arís go pálas Brendan Ó Buchain agus thug siad an buidéal dó. Thug seisean an Claidheamh Soluis dóibh. Dimigh siad abhaile ansin. D'fhan an fathach in aice leis an muileann agus chuaidh Concubhair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhubhláine
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe