Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Ciste Óir i gCairínCuireadh an pota óir seo idir an Reilg agus sean-teach an bhlácaigh i bpáirc an Tighe leighis sa mbaile fearainn Chairín.
Cuireadh ann é i bhfad ó shoin agus tá sé fá chúram eascon móire milltighe a mharbhócadh thú dhá ndeanthá aon iarracht é a thógáil acht tá seans amháin agat go bhfuightheá é an fhaid abhéadh sé imighthe le h-aghaidh deoch go Poll A' Chrochaire a léana Cairín agus sin idir an dá Aifreann gach Domhnach.
Bhí cailín ag brionglóid faoi an bpota gach oidhche agus go bhféadfadh sí é fhágail agus bhí sí le é a lorg acht bhí driocháir aici 'na shagairt agus d'innis sí dhó faoi na brionglóidí agus dubhairt seisean go raibh pota ann acht gan bacadh leis mar thiocfadh mí-ádh uirrí dhá bhfhuigheadh sí é.- Bailitheoir
- Liam Ó Caomhánach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe