Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0047
  3. XML “Greannscéalta - An Gobán Saor agus a Mhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dúbhairt an Rí go dtiúbhradh sé obair díobhta tar éis an dinnéir. Ach adeir an gobán céard a bhéas mise ag déanamh an fhaid is a bhéas sibh-se ag an dinnéir. Ara bí ag déanamh cat is dhá ruball annsin adeir an Rí. Sin focall a bhíodh acú chun déan do rogha rud a rádh. Ach meas tú céard a rinne an gobán ach cat agus dhá ruball air a ghearradh amach as cloich. Bhí iongnadh an domhan ar an Rí núair a chonnaich sé an rud a bhí déanta aige. Thug sé obair díobhta ar an bpoinnte agus thug sé an 'sac' do na daoine eile ar fad agus choinnigh sé an gobán agus a mhach go dtí go raibh sé críochnúigthe acú. Ag an am céadna fúair síad litir ón bhean a bhí sa mbhaile agus dinnis sí díobhta go mharbóch an Rí íad núair a bheadh teach cúirt críochnuigte i dtreó is nach ndéanfhadh síad ceann mar é do dhuine ar bith eile. Dúbhairt sí leó a bheadh glich do. Ach ar caoí ar bith núair a bhí sé críochnuigthe acú dúbhairt an Rí nach raibh rud ar bith mar é sa domhan. Ach dúbhairt an gobán go raibh 'cam adeir sé in aghaidh cam cor in aghaidh cor agus leag air' tá sé níos deise ná é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge