Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúbhairt an Rí go gcaithfheadh sé é fhághail cibé áit a bfuigheadh sé é. Dúbhairt an gobán go raib sé sa mbhaile in a theach féin agus dúbhairt sé go rachadh sé in a choinne.Ach chuir an Rí a mach fhéin le h-aghaidh an rud mar bhí faitchíos air nach dtiochfhadh síad ar ais agus bhí an ceart aige. Núair a tháinigh mach an Rí chuig an bhean bhí fhios aicí céard a bhí uaidh, dár ndhóigh, mar bhí "fios" aicí. Bhí bosca mór lán de mhin san teach agus dúbhairt sí leis go raibh sé ag toín an bhosca. Chúaidh sé síos ann ach núair a fúair sise é síos ann leag sí an leach air agus choinnigh sí ann é.Annsin b'éigin don Rí an gobán saor agus a mhach a leigint amach agus leig an bhean mhach an Rí abhaile agus bhíodar go léir sásta.