Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0072
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    téidtear isteach go dtí an áit a bfuil an cloch atá rían glúain Chormaic. Deirtear an paidir Sé do Bheatha agus Glór d'on Athair cúig úaire agus Naomh Cormaic Guidh orainn . Annsan teidhtear thart timcheall an tobhair agus deirtear "Na Dolours". "Dolour" amháin gach úair.
    Nuair atá sin déanta acú oltar trí deochannaí uisce ón tobhair agus teigheann síad isteach go dtí cloc arís agus deirtear na paidreacha céadhna. Óltar deoch eile do na uisce annsin agus bíonn an staisiún críocnuighthe achú. Bíonn seacht clocaí beaga acú agus caitheann síad cloch isteach gach úair a theigheann síad thart ar an tobair.

    Leigheasadh fear nach raibh aon radharc aige ann. Leigheasadh cúpla daoine eile ann freisin.
    Cuirtear uisce an tobair ar an áit atá tinn agus óltar é fresin.
    Cuirtear sean giobalí ar crann atá in aice an cloc. Cuireann na fir táirní ar crochadh ar an crann agus crocann na mná sean píosaí éadaig ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge