Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0250
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó bhí na daoine níos simplidhe ná tá síad anois agus is corr-uair a d'fhéad síad a dul ag faoistin. Bhí an t-easbog lé bheith sa bparáiste agus dubhairt an sagart paráiste leó chuile dhuine bheith ar an Aifrinn agus faoistin an lá sin. Bhí beirt dearbhráthair in a gcómhnaidhe i dteach sa bparáiste, ná , Pádraig agus Seán. Dubhairt Pádhraig lé Seán dul ar faoistin ar maidin agus go rachadh sé féin ann sa trathnóna. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Nuair a tháinig an maidin dimthigh Seán ar faoistin. Bhí go leór daoine roimhe agus níor fhead sé faoistin d'fhagháil go dtí go raibh sé deireannach sa lá. Ní bhfuair se faoistin riamh roimhe agus sé an "proinnéis" a chuir an t-easbog air gan labhairt lé aon duine beag ná mór go sroicheadh sé an teach. Bhí Pádraig ag fanacht mé: fhoidgheamhail nuair nach raibh Seán ag teacht abhaile. D'imthigh sé leis ag faoistin é fhéin agus nuair a bhí sé leath-bhealaigh casadh Seán leis ar an mbóthar. "An bhfuair tú faoistin a Sheáin" adeir sé, ach níor fhreagra Seán é ach ag déanamh cómhartha lé na lámha. D'iarr sé aríst agus aríst eile céard dubhairt sé leis. Ach níor labhair sé focal chor ar bith ach ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cuain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Ghill, Co. na Gaillimhe