Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag áirneán ag sníomh lín. Tháinig triúr chailleach isteach chuichi oidhche agus d'iarradar gnó uirthi. ''Tabhair gnó dhom-sa'' arsa ceann aca. ''Tabhair gnó dhom sa'' ars an tarna ceann. ''Tabhair gnó dom sa'' ars an tríomhadh ceann. Chuir an bhean an triúr aca ag sníomh lín. Bhíodar ag sníomh leo agus i gceann tamaill na h-oidhce dubhradar léi dul go dtí an tobar a' lorg uisge go mbeadh sgroid aca. Chuaidh sé ar lorg an uisge agus nuair a bhí sí ag cur síos a lámh chun an uisge do tagaint do rugadh ar an láimh uirthi. " Ná bíodh aon eagla ort" ars an duine léi. is tú féin atáid le beirbhiu leis an uisge seo, acht rith go dtí an doras agus abair go bhfuil an bearna dearg tré teíne. Cuir an t-ursul treasna na teineadh annsin, chaith amach uisge na gcos, bhain cnag as an scaigne agus bhain greim d'en chiste agus iompuigh gach aoinne san teach ar a taobh dheis san leabaidh agus annsin níl baoghal ort." Rith sí go dtí an doras agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Na Cathracha, Co. na Gaillimhe