Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0251
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanamh comhartha lé na lámha. Ar deireadh dubhairt Pádraig "má ndeárnadh sé duine balbh uait sé, ní rachadh mise chuige.
- Bhí madadh iongantach ag sean-fhear agus ní raibh aon madadh sa bparáiste nach raibh fá smacht aige. Ba é madadh mór giobach an
t-seiplínigh ba chruaidhe a théigheadh air agus b'iomdha cath fiochmhar a bhí eatorra. Ar deireadh ghlac madadh an t-sean-fhear nimh agus fuar sé bás. Bhí brón mór ar an sean-fhear annsin agus bhí an oireadh sin do chlaon aige leis is go bhfuair sé bhéiste déanta d'en croiceann agus chaitheadh sé í Domhnach is dálach. Lá amháin dá raibh an t-sean-fhear ag dul thart le teach an t-seiplinigh rith an madadh mór giobach amach ag tafaint air. Ní túisge a thosuigh sé na d'éirigh gach ribhe fionnaidh dá raibh ar an bhéiste ina sheasamh agus tháinig colg uirthi go díreach mar tagadh ar an madadh nuair a bhí sé beo.- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cuain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Ghill, Co. na Gaillimhe