Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0439](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0024%2FCBES_0024_0439.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0439
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do ghearr sé é chun péire bróga do dhéanamh ar maidin lá ar na bhárach. D'eirigh sé go moch ach nuair a chuaidh sé síos go dtí an siopa baineadh geit mór as. Bhí na bróga déanta ar an mbínnse roimhe. Bhí áthas mór air agus dhíol sé na bróga an lá sin is fuair sé luach maith orra. Cheannuigh sé píosa leathair an lá sin agus nuair a tháínig sé abhaile do ghearr sé é agus rinne sé réidh é le péire bróga a dhéanamh ar maidin. Bhí na bróga déanta roimhe ar maidin nuair a d'éirigh sé. Ghearradh an gréasaidhe an leathar gach lá agus bhíodh na bróga déanta roimhe ar maidin lá ar na bhárach i gcomhnuidhe. Níor bhfada go raibh roinnt mhaith airgid i dtaisge ag an gréasaidhe ach lean sé do'n obair. Tráthnóna amháin dubhairt sé go bhfanfadh sé ag faire ar na daoine a bhí ag déanamh na bróga. D'fhan sé ag faire orra agus ag meadhon oidhce tháinig na sidheoga isteach agus rinne siad na bróga. Bhí áthas mór ar an ngréasaidhe agus bhí sé saidhbhir go deo arís ó'n am sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Nora Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 20
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Comar, Co. na Gaillimhe