Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0321
- XML “Barrúlacht Mhicheáil Shaoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baireamhlacht Micheáil Saoir.Ceithre scór blian ó shoin bhí sagart in a cómhnuidhe i bparáiste baile clár na gaillimhe. Bhí fear in a cómhnuidhe sa gcómharsanacht agus sé an leas - ainm a bhí air ná Miceál saor mar bhí sé ana bhaireamhail. Bhí sé an - ceanntásach leis an sagart agus bhiadh an bheirt acu ag déanamh grinn le na céile.
Dómhnach amháin léigh an sagart amach soiscéal an lae d'on phoball. Sé an soiscéal a bhí dhá léigheamh aige ná faoin t-am a beathuigh Ár Slánuightheóir cúig míle daoine le cúig builín aráin agus trú éisg bearga.Bhí Miceál Saor in a sheasamh in aice na h-altóra. Nuair a chuala sé an dearmad a rinne an sagart ghlaoidh sé amach "bheadh mé féin i ndon é sin a dhéanamh. Ní míorbhúil é sin ar chor ar bith." Thosaigh an pobal ag gáire. Ní raibh a fhios ag ab sagart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shíoda
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Síoda
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe