Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0370
- XML “Fir agus Mná Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Roinnt bliadhanta ó shoin bhiodh fir and mná shiubhail ag taisteal na tíre. D'fághadh siad dídean na h-oidhche i dtighthe áirithe. Bhiodh cuid acú a d'fághadh lóistín seachtmhain i dteach amháin. Théigheadh siad amach ar fud na h-áite gach lá. Bhiodh siad ag cruinniu fataí, plúr, mín, caiscín, tae agus siucra. Dhíolaidís na fataí ins na siopaí a bhíodh i ngar do lathair. Thugaidís na rudaí eile ar ais do na tighthe a bhéadh siad ag fanacht ann.
Bhí fear ag dul thart darbh ainm Pádhraic Ó Gloinn. Sé an slighe beatha a bhíodh aige ná gléas ceól. Sé an cineál leabaidh a bhíodh aige ná málaí líontaí le tuighe. Bhí fear eile ag dul thart a dtugaidís Eoin Ó Cathasaigh air. Sé an slighe a bhíodh aige ná ag iompar ciseán ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghaothainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Más, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó hArgadán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Más, Co. na Gaillimhe