Scoil: Cloch an Uabhair (uimhir rolla 14448)

Suíomh:
Cloch an Uabhair, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0027, Leathanach 0014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch an Uabhair
  2. XML Leathanach 0014
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá tobar in gCathair Mac Nalaigh.

    Tá tobar in Gcathair Mac Nalaigh Naomh Ciarán do chuir an bun ann é. Tagann na daoine chuighe agus bhionn siad ag guidhe annsin í mí lughnasa. Tá scéal ag na daoine faoi tobar sin Bhí cáilín ag obair san teach in aice leis an tobar agus thóg sí uisge as an tobar , agus chuir sí an tuisge san bpota leis na fatai a bruith. Bhí teine maith sa teach agus nuair a cuir siad an póta síos . Bhí an pota tri huaire thios agus ní raibh na fataí bruiththe . Annsin dubhairt fear an tighe c'en tobar a bhfuair tú an tuisce.. Dinnis sí dó é . Dubhairt sé gurbh é sin an fath nach raibh na fataí bruithte agus dubhairt sé leithi an fhad is beo tú na tóg uisce as an tobar sin go deo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Giollarnath
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cloch an Uabhair, Co. na Gaillimhe