Scoil: Cloch an Uabhair (uimhir rolla 14448)
- Suíomh:
- Cloch an Uabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch an Uabhair
- XML Leathanach 0016
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fadó, agus bhí sí in-a chomnuidhe i gCondae Muigheo.”
Bhí bean ann fadó, agus bhí sí ina- chomnuidhe i Gcondae Muigheo. Bhí
ceithre mac aice. Fuair beirt acu bás,
agus bhí an-brón uirri in- a ndhiadh.
Bhí an beirt eile beo, agus bhí siad ag obar ins an bseilm. La amháin bhí
tincéar ag dul thart. Bhí múille bán
aige, ceangail sé é le crann taobh
amuigh den doras agus chuaidh sé isteach
go dtí an mnaoi. Ní raibh fhios ag an
mnaoi céard do bhí ann, acht thug sí
cathaoir dó, agus dubhairt sí leis,
suidheamh síos agus a sgíth a leigint.
Shuidh an tincéar síos ar cathaoir
agus thosaigh sé ag comhrád - é fhéin,
agus an bhean. Ar deireadh thiar, d'iarr
an bean air cér b'as é, agus cár
as a thainig sé. Dubhairt sé go dtháinig
sé ón bhflaitheas. Ón bhflaitheas in - eadh
ars an bhean, seadh ars an bhean,
seadh ars an bhean. Ar bhfaca tú
mo beirt mhac, Páidín is Seamín,
Connacas ars an tincéar, agus sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhualaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cait Bean Uí Mhonacháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cluainín, Co. na Gaillimhe