School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Page 0038
- XML “Scéalta agus Scéalta Grinn - An Bhean Sí”
- XML “Seoirse de Barra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rug sí ar ghruaig an fir. b'éigin a ghruag a ghearradh 's lán a láimhe da ghruaig a leigeann léithe nó sin tarraingeóchadh sí an baitheas dó
- Bhí fear ann fadó darbh ainm Seoirse De Barra. Chómhnuidhe sé in aice le Loch an Phúir, in Anach Cuain. Bhí gort coirce aige i ngar de'n loch. Bhí míastáid agus millteanas dá dhéanamh ar an gcoirce gach oidhce. Aon oidhche amháin chuaidh sé fhéin agus a mhadadh amach go bhfeicfeadh siad an mbeadh aon rud istigh ins an ngort. Ni raibh siad acht istigh ins an ngort nuair a d'éirigh cárnán caiple aníos as an loch agus isteach leóbhtha ins an gcoirce. Sheas an fear ag an mbeárnain a ndeachaidh na caiple isteach ó'n agus shaighead sé an mhadadh ionnta, agus cuir an madadh amach ins an mbeárnain chéadhna arís iad. Nuair a bhi na caiple ag teacht amach, d'éirigh leis an bhfear, breith ar an gcapall deiridh. Thug sé abhaile í agus chuir sé ar stábla i go ceann bliadhna nó go mbeadh an draoidheachta imthigh dí. Nuair a bhí an lá deireadh de'n bhliadhain ar fagháil thug sé amach í agus chuaidh se ag(continues on next page)
- Informant
- Bhailentín Ó Dúbagháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe