School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0235
  3. XML “An Chuinneog”
  4. XML “An Chuinneog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Deireann na daoine gur ceart splannc teine a chur faoin gcuinneóig sul dá dtosuigheann siad ar an maistire ar fhaitchíos go ngoidfeadh na sidheóga an t-im.
    Deireann na daoine nach ceart do dhuine splannc teine a thabhairt amach as teach nuair a bheadh an maistire dhá dhéanamh. Craithean cuid de na daoinibh salann ar an gcuinneóig sul a dtosuigheann siad ar an maistire. Casann mo mháthair an loithne timcheall ar an gcuinneóig an fhad is bheadh duine ag déanamh comhartha na Croise sul a dtosuigheann sí ar an maistire a dhéanamh.
    Bhí fear ann uair amháin agus chuaidh sé isteach idteach le n-a phíopa a dheargadh agus bhí an maistire ghá dhéánamh agus thóg sé splannc as an teine agus d'imthigh sé amach agus chaith sé an splannc i linn uisge agus ar maidin nuair a chuaidh na daoine as an teach sin amach fuair siad an tim ins an linn-uisge san áit ar chaith an duine an splannc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.