Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)
- Suíomh:
- Órán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Órán Mór (B)
- XML Leathanach 0340
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí tailliúir i dteach lá, agus bhí bean-a-tighe imthighthe go dtí an tobar.”
Bhí tailliúir i dteach lá, agus bhí bean-a-tighe imthighthe go dtí an tobar. Bhí an páisde sa gcliabháin agus bhí fiacla an-fhada aige. Dubhairt sé leis an tailliúir - nach n-aithnigheann tú mé agus dubhairt an tailliúir nár aithnigh. Ní páisde a bhí ann ach sídheog, agus dubhairt sé leis an táilliúir gan é sin d'innsint do'n mnaoi, agus dubhairt an táilliúir nach n-innseochadh sé é.
Cúpla lá in a dhiaidh sin, dubhairt an tailliúir leithe nach páisde a bhí sa gcliabháin acht sean-sidheóg agus é a caitheamh amach sa bfairrge. Bhí an sidheóg ag éisteacht leis sin. An lá in a dhiaidh sin thug an bhean an sidheóg go dtí an droichead agus bhí sé an-chiúin acht nuair a bhí an bean ghá caitheamh amach san uisge tosaigh sé ag sgreadaoil, acht bhí sé deireannach.(gan teideal)
“Bhí Seáinín agus Seamuisín ag cumhdach an tighe lá amháin agus tháinig cailleach isteach.”
Bhí Seáinín agus Seamuisín ag cumhdach an tighe lá amháin agus tháinig cailleach isteach. D'fág sí a mála ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann an Scáil, Co. na Gaillimhe