Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0108](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0039%2FCBES_0039_0108.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0108
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0108
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig sé inteach ar ghualnaibh daoine, is chuaidh sé amach mar shnáithín sioda.
Móin
Seanduine beag donn is a bothán ar a dhruim aige.
Seilmide.
Lán na páirce de bhuaidh bána is bó mhór dhearg eatortha istigh
Do chuid fiacal agus do teanga.
Rith mé agus fuair mé é,
Chuarduig mé act ní fuair mé é,
Dá bhfághainn é ní tiubhrainn liom é,
Ní fuair mé é agus thug mé liom é.
Dealg.
Rud beag dearg a bhí ag fás ar chrann,
Chonnaic beirt é,
Bain cúigear é,
Ceangal dháréag é,
Agus d'ith duine amháin é.
Ubhall
Droichead ar loc,
Gan maide gan cloc.
Ghiorránáin beag bobáilte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe