Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0114
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an rann seo a rádh
"Uisge cloiche gan iarraidh,
Ní ag iarraidh a tháinig mé,
Ach ag iarraidh na fairtniú a bhaint díom."
Tá leigheas eile ortha freisin píosa páipéir agus a hocht nó a naoi trathníní a fhágail aagus na fairthniú a gcearradh agus na traitíní a thomadh san bhfuil agus iad a chur trúd an bpáipéar agus é a chaitheamh ar bealach eicínt a mbíonn a lá daoine ag dul. Duine ar bith a thógfadh é gheobhfadh sé na fairthniú.
Fuair mé an sgéal seo fé na leigheasanna seo ó mo shean-athair - Micheál Ó Lurgáin, cluan Caoithigh, ceithre míle ar an taobh ó thuaidh de baile mór Thuama. - Nuair a bhíonn dealg í méir duine cuirtear teanga sionnaigh leis.
Nuair a bhíon tinneas ar mhuic cuirtear flainnín uirthe agus annsin cuirtear uisge te tríd.
Cuirtí píopa dearg d'éadach ar bun earbhaill an bhó nuair a bhíodh sí tar éis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe