Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0122
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad a dhéanamh freisin. Chonnaic mo shean-athair í dhá dhéanamh freisin agus chuidigh sé léithí go minic. Bhaineadar na luachair ar dtús agus annsin bhain siad an craiceann dóibh. Fuair siad gréis, sin é an sórt feola a bhíos i gcaora, agus chuir siad síos é i "ngreisit" le é a leaghadh. Annsin chuir siad gach luachar síos san ngréis. Nuair a bhí na píosaí fliuch leis an ngréis thóg siad suas iad agus d'fhág siad annsin in áit fuar iad go mbéadh siad fuar. Bhí píosa iarann agus cúpla puill ann acú chun iad a chur in a seasamh ann. "Padóg" a dtugtaoí ar na coinnle sin.
Bhíodh Micheál Ó h-Uallaigh, uncail do Bean Uí Móráin, ag déanamh ciseán i gCluain Eascra, Cill Bheinín, 3 míle taobh thuaidh
de Thuaim, agus dhá ndíol ag gach aonach thart timcheall na h-áite. Chuireadh Micheál dath eicint ar na lámhanna a bhíodh níos deise ná an cuid eile de'n chiseán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe