Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0149
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo shean-mháthair atá 85 bliadhna d'aois anois agus atá in a comhnuidhe i gCluain Caoilbhigh, 5 míle ar an taobh thiar-thuaidh de
Thuaim, a d'innis iad seo a leanas dom.
Bhí ceann amháin de na sean-sgoileanna ag Cnoch na Sliabh, leath-bhealaigh idir an áit seo agus Dún Mór timcheall is 70 bliadhain ó shoin. Sé an sórt sgoile do bhíodh aca ná sgioból mór agus ní bhíodh aon dían uirthe ar cor ar bith. Thug fear darbh ainm Pádhraic Phleimin an sgioból dóibh mar bhí a chlann le dul ar sgoil. Sé an t-ainm do bhí ar an múinteóir ná Máire Ní Bhraonáin agus thagadh na páistí 7 nó 8 míle chuig an sgoil. Seo iad an sórt leabhra do bhíodh aca-: An Premer ar dtús, agus annsin leabhar eile agus an t-ainm "Reading Made Easy" air, nó "Ready ma Daisy" mar a deireadh na daoine, agus an té nach mbíodh indon é sin a leigheamh bhíodh na sgoláirí eile ag gairidhe faoi agus chuireadh an múinteóir an t-ainm "Dunce" air nó uirthe. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe