Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0186
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Glaodhann lucht siubhail do mo theach ó am go h-am. Ní h-iad na daoine céadna a thagann i gcómhnuidhe. 'Siad na h-ainmneacha atá ar chuid aca ná:- Máirtín Dubh, Big Biddy (nach maireann) and Long Anne (deirbsiúratha), Barret, Mother Mangan, Sal Dal, Mrs Harlowe, Janeen.Díolann siad paidríní, cannaí, cupáin, fó-chupáin, agus eile. Iarrann Máirtín aon sórt oibre a fhághail nó cú a fhághail nó aon rud mar sin. Nuair a bhionn Sal Dal ag teacht 1/4 de mhíle ó'n teach nó mar sin bíonn sí ag sgreadaighil "gather up," "gather up." Sé an slighe bheatha atá ag Barret ná bheith in a sheasamh ar a cheann i lár na sráide agus ghá casadh féin ar an mbóthar. I gcuid de thighthibh bionn fáilte roimh cuid de na dreamanna. Gheibheann síad cúpla phinghin i dteach amháin, plúr, siúcre, nó tae i dteach eile. Bíonn cairt is capall aca ag dul ó áit go h-áit. Codhluigheann siad lé chéile i mboth agus sean-mhálaí is cótaí ortha. Bíonn trucail ag na daoine níos uaisle ná na tinncéirí agus gach dath ortha. Bíonn cuirtíní deasa ar na fuinnéogaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe