Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0211
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cúigear cailíní a bhíos ag imirt an cluiche sin. Seasann cailín ag gach cloich agus seasann cailín i lár na cearnóige. Bíonn
sise in a amadán. Ritheann cailín amháin as a áit féin go dtí áít cailín eile agus ritheann an cailín sin go dtí an ait ar fhág
an cailín a rith chuicí. Muna mbíonn sí indon an áit a fhághail roim an amadán bíonn uirthe páirt an amadáin a tóigeál. I sgoil is sa mbaile a bhíos sin ar siubhal againn.
Seo í an caoi in a n-imrighim is ceathar nó cúigear cailíní eile "Hide and Go Seek." Teigheann tríur nó ceathrar i n-áit eicint i ngan-fhios do na daoine eile. Bíonn siad comhgarach da chéile. Leigeann siad fead nuair bhíos siad i bhfolach agus tagann an bheirt ag
iarraidh iad fhághail.
Cois na teine bíonn "Lurabog larabog" ar siubhal. Bíonn orainn suidhe go h-íseal nuair bhíos sin ar siubhal agus ár gcosaí a síneadh amach. Ann-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe