Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuair mé an t-éolas seo ó m'athair fá bóithre an cheanntair. Tá sé in a chómhnuidhe i gCill Craobhantaigh, i bparóiste Cille Conla, i mbarúntacht Dúin Mhóir, agus i Condae na Gaillimhe.
An bóthar atá ag dul ó mo theach go dtí teach Uí Murchadha i gCill Craobhantaigh tugtar an "Abbey Road" air mar bhí mainistir annsin bliadhanta ó shoin.
Tá bóithrín eile ag dul ó'n "Abbey Road" síos go dtí an bportach agus uair amháin bhí a lán teach annsin agus a lán lacha ag na daoine agus tugtar "Bóithrín Lacha" air ó shoin.
Bóthar eile atá ag dul ó'n Monarcan Bíatas síos go dtí Catair na nGarranta tugtar "Bóthar Riabhach" air mar nil aon dhidhean ann.
Bóthar eile atá ag dul ó'n sgoil seo - i gCros bhóthar - go dtí mo theach tugtar "Bóthar a'Tae" air. Fuair duine eicínt tae annsin agus tá an t-ainm sin air ó'n am sin.- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe