Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0229
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé in mo chomhnuidhe i gCluain Caoilbhigh i bParróiste Cille Bheinín agus i mbarúntacht Dúin Mhóir. Tá nios mó teach ann anois ná mar a bhí ann fadó. Cúig cinn déag aca atá ann anois.Tá an díon ar an gcuid is mo de na tíghthibh déanta de thuighe agus ar an ádhbhar sin sé tuighe is coithcianta ann.D'innis mo shean-mháthair é seo dom. Sé an fáth gur cuireadh an t-ainm Cluain Caoilbhigh ar an áit seo, adubhaiart sí, ná mar bhí fear tabhachtach ins an áit seo uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air ná "Ceely" agus bhí a lán taltaí féir aige freisin agus nuair a fuair sé bás d'fhan an t-ainm sin air uaidh sin amach. Tháinig tighearna annsin agus an t-ainm Sheoirse C. Loinsigh air. Athair do "Andrew Loinsigh" é atá in a chomhnuidhe i nDugra, cúig míle ar an taobh thiar-thuaidh de Thuaim. Bhí go leor daoine bochta faoi a smacht ag "Seoirse C. Loinsigh" agus bhí cíos mór trom le íoc aca as a gcuid talman. Bhí sé 65 bliadhain d'aois nuair a fuair sé bás d'fhan an t-ainm sin ar an áit seo uaidh sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe